Welcome to the Family Centre Castlebar


Go to content

seirbhísi tacaíochta

leagan gaeilge



Bunaiodh na seirbhísi seo thrí dheoise Thuama, le Feidhmeanacht na Seirbhísí Sláinte an Iarthair agus An Gníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh Sé'n aidhim atá againn na tacaíocht a chuir ar fáil do theallaigh agus baill ar bith de'n chlann thrí comhleóireacht,oideachas agus traenáil. Sé'n freagracht atá againn na seirbhísi a chuir ar fáil atá proféisiúnta,cumasach agus oiriúnach do shaol an lae inniú, agus ar fáil go chuile dhuine sa tsochaí. Beidh míle fáilte romhat glaoch isteach ,no glaoch gutháin a chuir chugainn ma tá tuille eolas ag teastáil

Seirbhísí Comhleóireachta

Is caidreamh speisialta é an comhleóireacht inar féidir le duine,cúpla no clann labhairt faoi fadhbanna /eisiúntí atá ag goilliúint ar a saol a phlé agus tuiscint a fháil ar a gcuid trioblóidí. Is féidir seo a dheanamh le cabhair ó chomhléoir atá profeisiúnta,cáillithe, ar bhealach atá rúnda,dea-chroíoch agus gan breithiúnas. Sé'n aidhim atá le comhleóireacht na cuidiú le duine a shaol a athrú ar bhealach a thabharfaidh níos mó tairbhe dhoibh. Bíonn costás beag ar gach seisiún ma tá an duine inann sin a íoc.
Cuir glaoch le haghaidh cinneadh chuig 094 9025900

Glaoigh isteach is éisteofar leat

An bhfuil amannta

  • Nach bhfuil fhios agat cá rachfaidh tú ag lorg cabhair?
  • Nuair a cheapann tú nach bhfuil tú inann coinnéal ag imeacht níos mó agus teastaíonn uait labhairt le duine eicint


Ma's seo do scéal buail isteach is dean cinneadh, go h'iondúil bíonn an seirbhís seo ar fáil Diardaoin.11.00 -1.00

Saol clainne taréis scaradh

Is tionscadail é seo a thugann tacaíocht rúnda agus eolas do dhaoine agus a gclann tiacht thríd na deacraíochtaí a bhíonn mar thoradh ar bhriseadh caidreamh.

Éisteacht agus Eolas
Is seirbhís é seo do dhuine atá ag scaradh nó taréis scaradh agus iad ag breathnú ar eisiúntí cosúil leis na páistí ,iad fhéin,ag glacadh lena gcuid,ag bogadh ar aghaidh agus tarchur chuig seirbhísí eile go h'áitúil no go naisiúnta.

Grupa Tacaíochta
Nuair a thagann an grúpa seo le cheile deanfar plé ar na h'abhair seo
Ag déiléail le scaradh
Na tuismithéoirí ag oibriú as lámha a cheile
An tathair agus a ról
Ag tógáil clainne id aonair

Ag feabhsú caidreamh idir tuismithéoiri agus na páistí

Ma tá an caidreamh idir athair nó mathair agus a bpáiste taréis fulaingt mar thoradh ar an scaradh nó colscaradh is féidir tacaíocht oiriúnach a fháil a chuidfidh leis seo.

Tá an seirbhís seo rúnda agus soar in aisce.Tuille eolais faoi chursaí le fail sa bróisiúr nó cinneadh le fail ach glaoch ar 094 9025900



Bás agus Cáillteannas

Aire taréis bás nó cáillteannas

An gcuidéodh sé leat labhairt go príomháideach faoi do cháillteannas agus do bhrón le duine atá traenáilte, cumasach agus rúnda ?Cuir glaoch chuig
Caisléan an Bharraigh 094 9025900
Clár Chlainne Mhuiris 094 9362096
Áth Cinn 093 36446
Tuaim 093 24577
Cathar na Mart 098 28871

Clár Rainbows

Seo'd clár trí mhí a thugann tacaíocht do phaistí agus daoine óga atá taréis cáillteannas a fhulaingt trí bhás,scaradh,colscaradh.Oibríonn an clár seo trí ghrupaí agus ritheann sé ó Deire Fomhair go Feabhra gach bliain le oibrí deonacha atá traenáilte chuig caighdéan ann ard.
Tuille eolas faoi chláracha eile rainbows ar fud an Iarthar le fáil ach glaoch ar 094 9025900


cura

Is seirbhís dea-chroíoch , trócaireach agus rúnda é seo do mhná atá ag iompar clainne agus iad brónach faoi.Tugann an seirbhís tacaíocht do fhir céile,no buachaill,dá gclann agus dá gcairde.Deanann siad cinnte go bhfaigheann an cailín/bhean an cúnamh a theastaíonn uaithe go héasca .Tá comhairliú ar fail théis ginmhilleadh freisin.
Dé Máirt 11-1
Dé Ceadaoin7-9
Dé Domhnaigh 1-3
Is féidir bualladh isteach gan cinneadh ar an Mháirt 11-1,agus ar an Satharn ón 1-3

Uimhir Gutháin 094 9024866 nó soar uimhir 1850 622 626

Tacaíochta Spioradálta

Saibhriú Spioradálta
Amannta airíonn muid nach bhfuil ár bpaidreacha ceangailte lenár saol agus bíonn sé deacair Dia a mhóthú inár saol laethúil.Tá daoine atá traenáilte ar fáil le treoir agus cunamh a thabhairt ar a n'aistir spioradálta pearsannta fhéin.Cabhraíonn siad leat scrúdú a dheanamh ar do shaol agus do chreidimh agus an ceangal eathurtha.

Tuille eolais nó cinneadh ach glaoch ar 094 9025900

Cúram Clainne
Sráid an tSeipéil;Caisléan an Bharraigh,Co. Mhuigheo.
Fón;094 9025900
Riomhphoist: familycentre@eircom.net
Súiomh Idirlín:www.thefamilycentre.com

Luan - Aoine 9.30 -1
2.00 - 5.30

Bíonn níos mó eolais le fáil faoi chursaí , ceardlainn ,&rl le fáil sa mbróiséir a thagann amach gach Fomhar is Earrach.

Seirbhísí Comhairle

MABS ag cabhrú le daoine déiléail lena gcuid fiacha

Sé'n príomh aidhim atá leis an seirbhís seo ,atá rúnda agus soar in aisce na cabhrú le daoine déiléail lena bhfiacha agus foghlaim lena gcursaí airgeadais a stiúradh níos éifeachtúil. Cuir glaoch chuig 094 9028888 nó buail isteach chugainn I gCaisléan an Bharraigh.Tá an seirbhís seo le fail freisin í mBéal Atha hAmhnais,Clár Chlainne Mhuiris,Acaill,Cathar na Mart,Coillte Mach agus Baile an Róba.

Comhairle Dlí -Saor in Aisce


Tugann roinnt dlídóirí aitiúla a gcuid ama soar in aisce le haghaidh comhairle dlí a thabhairt do dhuine nó teaghlach.Is seirbhís é seo atá dirithe orthú súid nach bhfuil an tairgead acu íoc as mar is gnáth.Bíonn dlídóir ar fáil I gCúram Clainne an Ceadaoin deireannach de gach mhí ón 7.30 -9.Tuille eolas nó cinneadh le fail ach glaoch ar 094 9025900

Seirbhís Reiteach Aighneas Clainne

Cunamh do chuplaí atá ag scaradh óna cheile/briseadh suas

Seirbhís proféisiúnta agus rúnda do chuplaí atá ag scaradh agus a thugann seans dóibh
Fanacht amach as an gcúirt
Searbhas a laghdú
Co-oibriú a neartú
Reiteach a shocrú eathurthu fhéin atá feiliúnach dóibh

Le cinneadh cuir glaoch chuig 094 9035120
An seirbhís seo ar fáil Dé Luain 9.30-1,Dé Máirt & Dé Ceadaoin 9.30 -5



© copyright cúram clainne ltd 2008 | info@thefamilycentre.com

Back to content | Back to main menu